Toghcháin Áitiúla 2024

Toghcháin Áitiúla 7 Meitheamh 2024

  

Réamhrá

Tá Eascaire Lá na Vótála eisithe anois ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do Thoghcháin Áitiúla 2024 agus reáchtálfar iad sin ar an 7 Meitheamh seo chugainn.

 

Caithfidh an tréimhse vótála maireachtáil 12 uair an chloig ar a laghad idir 7am agus 10.30pm agus a bheith ar an lá céanna i gceantar uile na n-údarás áitiúil.

 

Tá an ceann comhairimh i ngach údarás áitiúil freagrach as a dtoghchán áitiúil a bhainistiú. Tá Joe McGuinness, Stiúrthóir Seirbhísí ceaptha ina Cheann Comhairimh do na Toghcháin Áitiúla seo.

 

Má thoghtar iarrthóir chuig níos mó ná ceantar údaráis áitiúil amháin, ní mór dóibh a dhearbhú i scríbhinn cén cheantar ar mian leo ionadaíocht a dhéanamh air laistigh de 3 lá ó fhógra poiblí thorthaí an toghcháin.

 

Próiseas ainmniúcháin

Más mian leat seasamh i dtoghchán d'údarás áitiúil in Éirinn, ní mór duit a bheith ainmnithe i rith na seachtaine a bhíonn ar siúl 4 seachtaine roimh lá na vótála.

 

Is féidir leat tú féin a ainmniú nó a bheith ainmnithe ag duine atá cláraithe chun vóta a chaitheamh i gceantar an údaráis áitiúil. Is féidir go n-ainmneofar thú chun seasamh i níos mó ná ceantar amháin.

 

Tá foirmeacha ainmniúcháin (pdf) (LE1) ar fáil ó cheann comhairimh an údaráis áitiúil. Tar éis duit d'fhoirm ainmniúcháin a chomhlánú, seol an fhoirm ar ais chuig an gceann comhairimh.

 

Má tá tú cleamhnaithe le páirtí polaitíochta, ní mór duit Deimhniú Cleamhnachta Páirtí a chur isteach le d'fhoirm ainmniúcháin.

 

Is féidir le hiarrthóirí neamhspleácha agus iarrthóirí cleamhnaithe páirtí araon grianghraf a chur san áireamh ar an bpáipéar ballóide. Is féidir leat teacht ar mhéid an ghrianghraf agus riachtanais eile atá sonraithe san fhoirm ainmniúcháin (pdf).

 

Ní mór don cheann comhairimh a rialú an bhfuil do pháipéar ainmniúcháin bailí laistigh d'uair an chloig ón uair a chuireann tú isteach é.

 

Iarrthóirí neamhpháirtí nó neamhspleácha

Mura bhfuil cleamhnas páirtí agat, féadfaidh tú cur síos a dhéanamh ar d'ainmniúchán mar 'Neamhpháirtí' nó an cheist a fhágáil bán ar an bhfoirm ainmniúcháin.

 

Más iarrthóir neamhspleách thú, ní mór duit d'fhoirm ainmniúcháin, mar aon le ceann amháin díobh seo a leanas, a chur faoi bhráid an cheann comhairimh:

 

Caithfidh daoine atá cláraithe le vóta a chaitheamh sa toghcheantar áitiúil.

 

Ní mór an dearbhú reachtúil a bheith fianaithe ag ceann amháin díobh seo a leanas:

 

Rialacha d'iarrthóirí

Tá tú incháilithe le bheith tofa ar údarás áitiúil má tá gnáthchónaí ort in Éirinn agus má tá tú 18 mbliana d'aois ar a laghad. Ní gá duit a bheith i do shaoránach Éireannach.

 

Tá tú dícháilithe ó bheith i do bhall d'údarás áitiúil má:

  • Tá tú i do bhall den Choimisiún Eorpach, den Pharlaimint nó de na Cúirteanna
  • Tá tú i do bhall de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann
  • Tá tú an Ceann Comhairle (Cathaoirleach na Dála) nó an Cathaoirleach (Cathaoirleach an tSeanaid)
  • Tá tú i do bhall den Gharda Síochána nó ball lánaimseartha d'Óglaigh na hÉireann
  • Tá tú i do bhreitheamh
  • Tá tú i do bhall de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach
  • Tá tú an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Tá tú i do státseirbhíseach - sa chás nach luaitear go sonrach i do chonradh fostaíochta go bhféadfá a bheith i do bhall d'údarás áitiúil
  • Tá tú fostaithe ag údarás áitiúil agus nach sealbhóir thú ar aicme, tuairisc nó grád fostaíochta atá ainmnithe le hordú faoi alt 161(1)(b) den Acht Rialtais Áitiúil 2001
  • Tá tú fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag grád nó de thuairisc fostaíochta atá ainmnithe le hordú ón Aire Sláinte agus Leanaí
  • Tá tú i bpríosún faoi láthair ar feadh téarma níos faide ná 6 mhí
  • Más duine thú ar theip air/uirthi táillí údaráis áitiúil a íoc
  • Más duine thú nár chomhlíon ordú cúirte chun airgead atá dlite d'údarás áitiúil a íoc
  • Más duine thú a ciontaíodh i gcalaois nó i ndéileálacha mímhacánta a dhéanann difear d'údarás áitiúil, cleachtas éillitheach nó gníomhú le linn duit a bheith dícháilithe

 

Teorainn chaiteachais iarrthóirí

Tá cead ag iarrthóirí méid teoranta airgid a chaitheamh ar an bhfeachtas toghchánaíochta áitiúil. Athraíonn an méid seo ag brath ar mhéid daonra an cheantair toghthóirí áitiúla.

 

 

Toghcheantar áitiúil

Teorainn chaiteachais iarrthóirí

Daonra os cionn 35,000

€13,000

Daonra idir 18,001 agus 35,000

€11,500

Daonra 18,000 nó níos lú

€9,750

 

Ní mór d'iarrthóirí an méid a chaith siad leis an údarás áitiúil a nochtadh laistigh de 90 lá tar éis lá na vótála. Socraíonn an tAire dáta tosaithe thréimhse chaiteachais an fheachtais, agus caithfidh sé sin a bheith idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótála.

 

Tabhartais

Baineann na rialacha seo a leanas le hiarrthóirí:

  • Ní fhéadfaidh iarrthóir glacadh le níos mó ná €1,000 ó dheontóir sonrach i mbliain fhéilire
  • Ní mór sonraí faoi shíntiúis os cionn €600 a thabhairt don údarás áitiúil
  • Ní mór d'iarrthóir a fhaigheann tabhartas os cionn €100 cuntas bainc a oscailt agus a chothabháil go sonrach dá síntiúis pholaitiúla

 

Baineann na srianta seo a leanas le tabhartais:

  • Ná glac tabhartais gan ainm os cionn €100
  • Ná glac tabhartais airgid tirim os cionn €200
  • Maidir le tabhartais chorparáideacha os cionn €200, ní mór don deontóir a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ní mór fianaise gur cheadaigh an comhlacht corpraithe an tabhartas a chur ar fáil

 

Póstaeir agus comharthaí toghcháin áitiúla

Ceadaíonn an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009, do dhaoine póstaeir toghcháin a thaispeáint ar feadh tréimhse áirithe. Is féidir iad a thaispeáint ón dáta a cheapann an tAire an lá vótaíochta le hordú, nó 30 lá roimh lá na vótála, cibé acu is giorra. Caithfear iad a thógáil anuas taobh istigh de 7 lá tar éis lá na vótála.

 

Má tá póstaer toghcháin ag cur guais ar thiománaithe nó ar choisithe, is féidir leat d'údarás áitiúil a chur ar an eolas faoi na hábhair imní sábháilteachta seo.

 

Conas vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil

Ní gá duit a bheith i do shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil. Mar sin féin, ní mór gnáthchónaí a bheith ort sa Stát chun clárú ar Chlár na dToghthóirí. Níl cead vótála agat i dtoghchán comhairle contae agus comhairle cathrach araon.

 

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil, ní mór duit:

  • A bheith os cionn 18 mbliana d'aois
  • Cónaí sa toghcheantar áitiúil
  • A bheith liostaithe ar Chlár na dToghthóirí

 

Chun a fháil amach an bhfuil d'ainm ar Chlár na dToghthóirí, is féidir leat:

 

Más mian leat a bheith curtha le Clár na dToghthóirí, is féidir leat foirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig d'údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ag checktheregister.ie nó ag d'oifig údaráis áitiúil.

Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe tríd an bpost saor in aisce chuig d'údarás áitiúil. Ní gá stampa a chur ar an gclúdach litreach.

 

Is féidir clárú freisin chun vóta a chaitheamh ar líne ag checktheregister.ie. Má tá tú ag clárú do Bhaile Átha Cliath, is féidir leat clárú ag voter.ie.

 

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chlárú chun vótá a chaitheamh.

 

Do vóta a chaitheamh

Ar lá na vótála, is féidir leat do vóta a chaitheamh trí bhallóid rúnda ag do stáisiún vótála áitiúil. Cuirfear pinn luaidhe ar fáil, ach is féidir leat do pheann nó peann luaidhe féin a thabhairt leat más mian leat.

 

Tá córas toghcháin na hÉireann bunaithe ar ionadaíocht chionmhar trí vóta inaistrithe amháin (PR-STV).

 

Tá ainmneacha na n-iarrthóirí sa toghchán in ord aibítre ar an bpáipéar ballóide mar aon le léiriú ar a bpáirtí polaitíochta, más ann dó. Féadfaidh grianghraf den iarrthóir nó d'fheathal páirtí a bheith ar an bpáipéar ballóide freisin.

 

Ní mór duit ord do rogha iarrthóirí a chur in iúl trí "1" nó "aon" a scríobh in aice le do chéad rogha, agus, más mian leat, "2" nó "dó" in aice le do dhara rogha, "3" nó "trí" in aice leis do thriú rogha, agus mar sin de.

 

Má tá lagú amhairc ort, beidh Teimpléad Páipéar Ballóide ar fáil ag gach stáisiún vótála agus is féidir leat é a úsáid chun do vóta a chaitheamh.