Stair Athbhreithnithe | |
Dáta Eisiúna | Leagan | An tAthbhreithniú Deiridh |
Samhain 2019 | 1.0 | |
| | |
Réamhrá
Tá Comhairle Contae Lú (an Chomhairle) freagrach as raon leathan seirbhísí poiblí a sholáthar, lena n-áirítear Tithíocht. Is é seo an Fógra Príobháideachais do Rannóg Tithíochta na Comhairle lena n-áirítear Iarratais ar Thacaíocht Tithíochta Sóisialta, Cíosanna, Deontais, Iasachtaí, Cigireachtaí ar Réadmhaoin Phríobháideach ar Cíos, Scéim Ceannaigh Tionóntaí & an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta.
Féachann Comhairle Contae Lú le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha Lú a chur chun cinn agus ar an gcaoi sin rannchuidiú go mór le cáilíocht beatha mhuintir Chontae Lú a fheabhsú.
Faisnéis a Bhailíonn Comhairle Contae Lú
Déanann an Chomhairle cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine aonair (Ábhair Sonraí) agus eagraíochtaí a phróiseáil agus a úsáid chun an raon seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnólachtaí Lú.
Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á soláthar, d’fhéadfadh go mbeadh ‘Sonraí Pearsanta’ san áireamh san fhaisnéis a bhaileofar. Sainmhínítear é seo sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988, 2003 & 2018, agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) (Rialachán (AE) 2016/679) agus d’fhéadfadh baint a bheith aige le húsáideoirí seirbhíse reatha, roimhe seo agus amach anseo; iarfhostaithe, fostaithe reatha agus fostaithe ionchasacha; soláthraithe; agus baill den phobal a fhéadfaidh dul i mbun cumarsáide leis an gComhairle.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar an gComhairle, ó am go ham, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtacha a chomhlíonadh. Áirítear air son sonraí teagmhála ar mhaithe le cumarsáid éifeachtach. Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a sholáthar ach is féidir go mbeidh sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh leat má sholáthraíonn tú níos mó, mar shampla ríomphost, uimhir theileafóin & seoladh. Mura soláthraíonn tú na sonraí seo, d’fhéadfadh nach mbeadh an Chomhairle in ann oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar gach iarratasóir ar Thacaí Tithíochta Sóisialta faisnéis a sholáthar faoi na catagóirí sonraí seo a leanas (nuair is infheidhme):
- Uimhreacha PSP do gach ball den teaghlach.
- Sonraí pearsanta an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí náisiúntachta an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí pósta an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí fostaíochta an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí fostaíochta an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí ioncaim seachtainiúla an iarratasóra agus aon chéile nó pháirtí.
- Sonraí faoi aon fhorais mhíochaine nó mhíchumais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an iarratas.
- Sonraí faoi aon mhaoin nó talamh eile a bhfuil leas airgeadais ag iarratasóirí inti.
- Sonraí faoi aon chionta oird phoiblí ar ciontaíodh an t-iarratasóir nó aon bhall den teaghlach ina leith.
- Sonraí de na cineálacha tacaíochtaí tithíochta sóisialta atá á lorg.
- Liosta de na ceantair laistigh de theorainneacha na Comhairle ina nglacfadh an t-iarratasóir le tithíocht shóisialta.
An Gá le Fógra Príobháideachais a Sholáthar
Chruthaigh Comhairle Contae Lú an fógra príobháideachais seo d’fhonn ár dtiomantas daingean do phríobháideacht a thaispeáint agus chun a chinntiú duit go gcinnteoimid slándáil na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn i ngach plé a dhéanann tú le Comhairle Contae Lú.
Is amhlaidh go mbeidh na sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a iarraidh ort a sholáthar don Chomhairle, nó a d’fhéadfaí a bhailiú trí fhoinsí eile (.i. imscrúduithe ó fhoireann na Comhairle, físeán CCTV, meáin shóisialta, eolas ó thríú páirtithe nó gníomhairí a fheidhmíonn ar do shon):
- Faighte go dleathach, go cóir agus go trédhearcach
- Faighte chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin
- Dóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach chun na críche a bhfuarthas iad.
- Taifeadta, stóráilte go cruinn agus go sábháilte agus nuair is gá coimeádta suas chun dáta é
- Gan a bheith coinnithe ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch a bhfuarthas é
- Coinnithe i bhfoirm nach g ceadaíonn ábhar na sonraí a shainaithint ach a fhad is gá.
- Gan a bheith próiseáilte ach ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí na sonraí pearsanta lena n-áirítear cosaint i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.
Faisnéis a Roinnt
Féadfaidh an Chomhairle do chuid faisnéise a roinnt go hinmheánach (laistigh den Chomhairle) de réir oibleagáidí reachtúla. Ina theannta sin, féadfaidh an Chomhairle do chuid faisnéise a roinnt le tríú páirtithe de réir oibleagáidí reachtúla agus rialála. Ina theannta sin, féadfaidh foireann na Rannóige Tithíochta faisnéis a roinnt, a iarraidh agus a fháil ó thríú páirtithe de réir oibleagáidí reachtúla agus rialála. Déanann foireann na Rannóige Tithíochta faisnéis a roinnt, a iarraidh agus a fháil le agus nó na comhlachtaí seo a leanas de réir mar is cuí:
- Údarás Tithíochta eile.
- An Garda Siochána
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Cumann Ceadaithe Tithíochta.
- An Clár Lárnach Creidmheasa.
- Tusla
- Conraitheoirí a dhéanann oibreacha thar ceann Rannóg Tithíochta Chomhairle Contae Lú.
Conas a Úsáidfear/a Phróiseálfar do Shonraí Pearsanta
Is gá córais TF chun iarratais ó chustaiméirí a bhainistiú i ngeall ar a mhéad custaiméirí atá ag an gComhairle agus raon na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Rialaítear an rochtain ar shonraí agus tá sé teorannaithe do bhaill foirne ábhartha atá bainteach le seirbhísí éagsúla a mheas agus a phróiseáil le bearta slándála eile ar nós pasfhocal.
Oibleagáidí Dlí agus Rialála
Tá an bunús dlí agus an leas dlisteanach chun sonraí pearsanta a phróiseáil san áireamh sna nithe seo a leanas:
- Achtanna Tithíochta.
- Rialacháin.
- Ciorcláin na Roinne Pleanála, Tithíochta agus Rialtais Áitiúil
Do Chearta
Tá sé de cheart agat rochtain ar shonraí pearsanta a choinnítear fút a iarraidh, deimhniú a fháil an bhfuil sonraí fút ann, a bheith ar an eolas faoi ábhar agus foinse na sonraí agus a gcruinneas a sheiceáil. Má fhaightear go bhfuil na sonraí atá ag an gComhairle míchruinn tá sé de cheart agat na sonraí pearsanta sin a athrú, a bhaint, a bhac nó agóid a dhéanamh i gcoinne a n-úsáid. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh bac ar rochtain ar shonraí moill a chur ar rochtain ar sheirbhís nó í a bhaint nuair is gá na sonraí de réir dlí nó chun críocha riachtanacha a bhaineann le seirbhís a sholáthar duit. Féach go ndéanann an Chomhairle bearta chun d’aitheantas a fhíorú sula dtugtar rochtain ar shonraí pearsanta.
Sonraí Teagmhála Cosanta Sonraí
Seol aon cheist maidir le cosaint sonraí chuig an gComhairle ag an seoladh seo a leanas
Ríomhphost: Dataprotection@louthcoco.ie
Fón: 042 9335457
Seoladh: Comhairle Contae Lú, Ionad na Mílaoise, Bóthar San Alfonsas, Dún Dealgan, A91, KFW6, Co. Lú.
Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra a fuair tú ón gComhairle maidir le d’iarratas ansin tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a fhéadfaidh an t-ábhar a imscrúdú ar do shon.
Is é suíomh Gréasáin Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí www.dataprotection.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena n-oifig ag:
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Uimhir Ghlao Áitiúil: 1890 252 231
Seoladh: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, R32 AP23, Co. Laoise