Baile >
Seirbhísí >
Tithíocht > Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (RFF)
Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (RFF)
RFF - céard é féin?
Ciallaíonn RFF “Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh”.Is beag idir Teastas RFF agus an lipéad fuinnimh a fhaightear ar fhearas leictreach teaghlaigh, cuisneoir mar shampla. Scála A-G atá ar an lipéad. Is iad tithe a bhfuil rátáil A acu is tíosaí ar fhuinneamh agus tithe a bhfuil rátáil G acu is measa ó thaobh tíosacht ar fhuinneamh. Ní mór teastas RFF a bheith ar fáil i gcás gach tí nua nach mór a tógadh ó lár 2008 i leith. Má tá teach nó leithlann nua á cheannach nó á thógáil ar cíos agat anois, d’fhéadfá a bheith i dteideal RFF cheana féin.
Ó 1 Eanáir 2009 ní mór teastas RFF a bheith ar fáil i gcás gach tí a dhíoltar nó a ligtear ar cíos.
Measúnóirí sainoilte RFF, atá cláraithe le Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEI), a dhéanann an mheasúnacht RFF.Gheofar liosta measúnóirí RFF ó SEI.
Ní aon oibleagáid ar úinéirí a dtithe a uasghrádú sa chás go bhfaigheann teach ráta íseal. Tá súil ann, más ea, go mbeidh sé níos fusa tithe a fhaigheann rátáil ard a dhíol agus go bhfaighfear praghas níos airde orthu.
Cé chomh fada is a bheith RFF bailí?
Beidh teastas RFF bailí go ceann deich mbliana ó dháta a eisiúna, ach i gcás go ndéantar athrú ábhartha ar an bhfoirgneamh idir an dá linn a dhéanfadh difear dá fheidhmíocht fuinnimh – mar shampla, leathnú ar an bhfoirgneamh, athrú suntasach ar chreatlach an fhoirgnimh nó athrú ar an gcóras téimh nó ar an mbreosla a bhí in úsáid.
Cén chuma atá ar Theastas RFF?
Tá an RFF bunaithe ar éileamh príomhúil ar fhuinneamh agus tá scála RFF sa raon idir "A1" (an rogha is tíosaí ar fhuinneamh) agus "G" (is measa ó thaobh tíosacht ar fhuinneamh).
Ritheann an scála ó dearg go glas agus is iad na tithe a scóráltar sa chrios dearg a ídíonn an fuinneamh is mó.
Agus measúnú RFF á dhéanamh, cuirfear san áireamh aon fheabhsuithe a rinne tú a dhéanfadh difear don ráta ídithe fuinnimh. Is é C1 an íosráta ídithe fuinnimh a bheidh ag gach teach nua a chomhlíonann na Rialacháin Tógála.
Cé a dhéanann measúnú RFF?
Measúnóirí clárithe RFF a dhéanann measúnachtaí RFF. Oiltear iad faoi Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus beidh siad cláraithe le SEI. Gheofar liosta measúnóirí cláraithe RFF ó SEI.
An gá dom Teastas RFF a fháil don teach ina bhfuil cónaí orm?
Beidh gá le Teastas RFF a sholáthar i dtaca le haonad cónaithe má tá sé á dhíol/á ligean ar cíos ó 1 Eanáir 2009 amach. Léireoidh sé sin do cheannaitheoirí féideartha cé chomh tíosach ó thaobh fuinnimh is atá an teach.